Seachtain na Gaeilge 2026 : Oíche Scoraíochta


Bhí oíche scoraíochta dhá theangach againn le ceol, scéalaíocht agus filíocht, agus gach duine ag glacadh páirt. Ócáid thar a bheith taitneamhach, agus tá sé i gceist a leithéid a eagrú go rialta amach anseo. 

We held a bilingual Oíche Scoraíochta featuring music, storytelling and poetry. Everyone participated. It was a very enjoyable event and we hope to hold one regularly in future. 

Seachtain na Gaeilge : Tábhacht na Bithéagsúlachta




Tá Éanna Ní Lamhna ar dhuine de na daoine poiblí is cáiliúla in Éirinn, go háirithe mar bhitheolaí, comhairleoir comhshaoil agus fiadhúlra, láithreoir raidió agus teilifíse, údar agus oideachasóir. Tá ceann de na guthanna is aitheanta ar raidió na hÉireann ag Éanna agus tá sí ina ball de phainéal saineolaithe ar chlár fiadhúlra RTÉ, Mooney Goes Wild, le blianta fada. 

Bhí sí ina hUachtarán ar an gcarthanas náisiúnta comhshaoil An Taisce agus ar Chomhairle Crann na hÉireann.

As Lú ó dhúchas í, ach tá cónaí uirthi i mBaile Átha Cliath anois. Is í Éanna údar roinnt leabhar fiadhúlra coitianta do léitheoirí óga  agus do léitheoirí nach bhfuil chomh hóg.

Thug sí caint iontach spreagúil agus léirithe go maith dúinn. I measc rud eile, chualamar faoi shionnach Sráid Grafton agus go bhfuil cosa damhán alla ar a cheann! 

Seachtain na Gaeilge 2026 : Feachtas na bhFógraí


Arís i mbliana chuir muid fógraí ar fáil do ghnólachtaí an bhaile, dátheangach leis an nGaeilge sa chló Ghaelach agus sa chló Rómhánach. 

Gabhaimid buíochas leis na gnólachtaí a ghlac leo agus a chroch iad. 

Again this year, for Seachtain na Gaeilge, we provided bilingual signs to local businesses. The Irish text was both in the Cló Ghaelach and in Antigua. 

We are grateful to the businesses who accepted and displayed them. 

Paráid na Féile Pádraig


Ghlac an Chraobh páirt arís i Paráid na Féile Pádraig i mbliana. Thaitin sé go mór linn! Míle buíochas le gach duine a tháinig amach. 

Craobh na Míosa

 Roghnaíodh muid mar Craobh na Míosa an mhí seo!

We were chosen as Conradh na Gaeilge's branch of the month! Here's the write up from Conradh and a massive congrats to Ruairí Ó Broin whose stories on our social media really stood out with Conradh. Maith thú Ruairí!

"Tá áthas an domhan orainn a fhógairt go bhfuil Craobh Bhaile an Chinnéidigh roghnaithe againn mar Chraobh na Míosa seo. Sheas an dream seo amach mar gheall ar a gcuid oibre leanúnach i gCo. Chill Mhantáin le blianta anuas. Bhíomar ar bís baill na craoibhe a fheiscint ag an Ard-Fheis i mbliana, a bhí an-spreagtha agus a chur go mór leis an bhfóram daonlathach.

Táimid an-tógtha le clár imeachtaí Sheachtain na Gaeilge a bhfuil á reáchtáil acu don choicís amach romhainn. I measc na himeachtaí beidh ceardlann ar Thábhacht na Bithéagsúlachta le hÉanna Ní Lamhna, oíche scoraíochta, agus Preab-Ghaeltacht á reáchtáil acu. Beidh comharthaíocht trí Ghaeilge ar fáil acu sna siopaí áitiúla i mBaile an Chinnéidigh fosta. Cuirtear Ciorcal Comhrá seachtainiúil agus ranganna Gaeilge ar fáil dá, rud a chruthaíonn leanúnachas agus deiseanna foghlama ar fáil dá mbaill.

Rud amháin a bhfuil á dhéanamh ag an ngrúpa seo nach bhfuil feicthe againn cheana, ná go bhfoilsítear blúiríní eolais agus scéalta ó bhall s’acu uair gach seachtain le foclóir agus frásaí deasa iontu. Is smaoineamh iontach-éagsúil agus tábhachtach é seo a chuireann go mór le cultúr bhéaloideas na nGael."