Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta i mBaile an Chinnéidigh - Cad a tharla?

Den chéad uair ghlacamar páirt i Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta. Thug muid cuireadh chuig Éanna Ní Lamhna chun siúlóid agus comhrá faoin dúlra agus bithéagsúlacht a dhéanamh agus is cinnte nár lig sí síos muid. Tá pearsantacht spleodrach agus mealltach aici agus níos mó ná sin tá an oiread sin eolais aici faoin domhan nádúrtha agus faoin mbithéagsúlacht. Tá fhios agam go raibh a lán daoine dáirire faoin bithéagsúlacht ann agus bhí siad faoi dhraíocht Éanna.

Den triú uair threoraigh Aonghus Ó hAlmhain turas staire faoi Bhaile an Chinnéidigh. Agus sin an triú uair a rinne mé an turas seo agus mar foghlaimeoir Gaeilge caithfidh mé a rá go raibh mé in ann níos mó a thuiscint agus d'fhoghlaim mé níos mó faoi Bhaile an Chinnéidigh. Tá fhios agam nach raibh Aonghus 100% ar an oíche, agus mar sin ba mhaith liom buíochas mór a thabhairt chuige as turas den scoth.

Ba mhaith linn páirt a glacadh an bhliain seo chugainn!



Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta 2026

Tá ár gcraobh Conradh na Gaeilge ar an bhfód le rud beag níos mó ná dhá bhliain agus tá ár gcoiste go nglacfaimid páirt i Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta den chéad uair, i mí Lúnasa.

Beidh dhá imeacht againn. Tá an-ádh orainn go bhfuil Aonghus Ó hAlmhain againn don chéad imeacht seo, siúlóid stairiúil trí Bhaile an Chinnéidigh.

Siúlóid Staire faoi Bhaile an Chinnéidigh

🗓️ 18 Lúnasa 7pm - 8pm

📍 Túsphointe: Óstan Parkview A63 FX72

Imeacht trí mheán na Gaeilge

Cé nár bunaíodh Baile an Chinnéidigh go dtí an 17ú aois, nuair a tháinig Muintir Cinnéide, Gaeil a d’iompaigh go Eaglais na hÉireann, chun cinn, tá an ceantar stairiúil riamh anall. Tá sé i mbarúntacht an Chaisleáin Nua mar ar raibh eastát Ríoga a bhunaigh Rí Eoin "gan talamh"; (Jean sans Terre) san 12ú aois. Bhí sé ar teorainn an Pháil, agus na Branaigh agus na Tuathalaigh ag brú isteach i gcónaí, agus á ghabháil scaití. Níor déanadh contae de Chill Mhantáin go dtí 1606.

Bhí cath sa bhaile i 1798; agus tá baint ag an mbaile le Robert Monteith a thug gunnaí i dtír i gCill Comhghall i 1916 agus a gabhadh le Ruairí Mhic Easmainn. Tá cuimhneacháin agus iarsmaí a réanna seo le feiceáil sa bhaile nó gar dó. Taispeánfar na hiarsmaí seo le linn an turais agus tabharfar creatlach an scéil.

Nature Walk & Talk with Éanna Ní Lamhna

🗓️ 20 Lúnasa 7.30pm - 8.30pm

📍 Túsphointe: Altidore Gardens Park

Imeacht trí mheán na Bhéarla (le smeadar Gaeilge)

Cúpla lá ina dhiadh beidh muid amach san aer arís le Éanna Ní Lamhna. Is saineolaí fiadhúlra í Éanna Ní Lamhna (a rugadh i gContae Lú), ar dhuine de na craoltóirí, gníomhaí timpeallachta, luibheolaithe agus nádúraithe is cáiliúla in Éirinn. Tá a guth údarásach ar RTÉ ag dul siar go dtí na 1970idí.

D’fhreastail Ní Lamhna ar UCD, águs bhain sí Ph.D amach.

Mar uachtarán Chomhairle Crann na hÉireann[3] sna 2010idí, chuir Ní Lamhna béim ar an oideachas, ag stiúir ceardlanna agus mar sin de.


Ag tnúth go mór libhse a fheiceáil!

Múinteoir Gaeilge de dhíth

Táimid ag lorg Múinteora Gaeilge le taithí chun cúrsaí Gaeilge d’fhoghlaimeoirí fásta a sholáthar ag tosú i Meán Fómhair 2026.

Sonraí an Chúrsa
Tús an chúrsa: Seachtain dar tús 14 Meán Fómhair 2026
Deireadh an chúrsa: Seachtain dar tús 23 Samhain 2026
Sos lár téarma: Seachtain dar tús 26 Deireadh Fómhair 2026
Líon na ranganna: 10
Fad gach ranga: 1 uair go leith
Am tosaithe: 7.00 i.n.
Ionad: Newtownmountkennedy Primary School
Spriocghrúpa: Foghlaimeoirí fásta

Riachtanais Riachtanacha
Ní mór d’iarrthóirí:
Taithí dhá bhliain ar a laghad a bheith acu ar chúrsaí Gaeilge dírithe ar fhoghlaimeoirí fásta a mhúineadh.
Taithí a bheith acu ar chúrsaí a theagasc ag na leibhéil éagsúla TEG (Teastas Eorpach na Gaeilge).
Cumas a léiriú chun ranganna tarraingteacha, foghlaimeoir-lárnacha a phleanáil agus a chur ar fáil a thacaíonn le dul chun cinn na bhfoghlaimeoirí ag na leibhéil TEG ábhartha.
Scileanna cumarsáide agus idirphearsanta den scoth a bheith acu.

Riachtanais Inmhianaithe
Cáilíocht ábhartha sa Ghaeilge, san oideachas, i dteagasc teangacha nó i réimse gaolmhar.
Taithí ar fhoghlaimeoirí a ullmhú do scrúduithe TEG.

Conas Iarratas a Dhéanamh
Ba chóir d’iarrthóirí a chur isteach:
CV reatha.
Litir chumhdaigh ghearr ina leagtar amach a dtaithí ábhartha teagaisc, lena n-áirítear taithí le TEG agus le hoideachas aosach.

Ba chóir iarratais a sheoladh chuig ciorcalcomhrantmk@gmail.com.

Dáta Deiridh d’Iarratais
Dé hAoine, 31 Lúnasa 2026
Ní chuirfear san áireamh ach iarrthóirí a bhfuil na cáilíochtaí agus an taithí chuí acu.

Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le ciorcalcomhrantmk@gmail.com.

Oíche Scoraíochta 10ú Iúil - Cad a tharla?

Bhí ár lucht féachana faoi dhraíocht an chláirseachtóra agus amhránaí Sinéad Walshe agus bhíomar beannaithe le roinnt port agus amhrán ó cheoltóirí áitiúla chomh maith.
Léigh roinnt daoine scéalta agus d’aithris siad dánta. Bhronn ár mbaill craoibhe, Daniel Cryan, dán bunaidh orainn. Ba é seo an dara hiarracht a rinne sé dán a scríobh i nGaeilge. Is féidir leat a dhán a fheiceáil sna híomhánna thíos.

Leagan Béarla
Our audience was captivated by harpist and singer Sinéad Walshe and we were also treated to a number of tunes and songs from local musicians.
Several people read stories and recited poems. Our branch member, Daniel Cryan, presented us with an original poem. This was his second attempt at writing a poem in Irish. You can see his poem below.

Samhain le Daniel Cryan

Téigh síos an bóthar,
Téigh go dtí an páirc,
Feic ar na mná,
Ag déanamh raic.

Casann siad chuig an urláir,
Áit a bhfeirm atá ann.
Níl aon bhia sna iomairí.
Níl aon bhia acu dá bpobal ná gclann.

Nuair atá na mná ag béicíl ar Lugh,
Ritheann na páistí síos an bótharín,
Faoi Ghealach airgid,
Gleasta iná bhfeistíní.

Ar an gcnoc, tá crinniú ann.
Tagann amach an draoi.
Tosaíonn sé ag caint,
Nuair a tagann an Aos Sí

Tosaíonn cíor thuathail.
Ach, socraíonn gealltanas amhain,
An slua mór.

Tiocfaidh Imbolc. Lá amhain.
Tiocfaidh Imbolc. Go luath
Tiocfaidh Imbolc. Go deo.