Oíche Scoraíochta le Celia de Fréine


Eaglais Naomh Matha. 
Baile an Chinnéidigh

20:00 Aoine 12 Meitheamh
Imeacht dátheangach 

Oíche Scoraíochta Baile an Chinnéidigh

A night of music, song, poetry and storytelling with special guest, award-winning poet Celia De Fréine.

Celia will be reciting her compelling poetry in both Irish and English from 8pm to 8.30pm

Check out this review of Celia's poetry collections 'Blood Debts' and 'A lesson in Can’t' from Dublin Review of Books: https://drb.ie/article/hidden-irelands/

After Celia's recital the floor is open to anyone who wants to si
ng a song, play a tune, recite a poem or tell a story. Is píosa spraoi é agus a great occasion to let your artistic side out! We'll have have tea/coffee and a few biscuits.

📅 8pm Friday 12th June

📍Saint Matthew's Church, Church Road, Newtownmountkennedy, A63 RC53

Tickets are donation based and a minimum donation of €1 is all it costs. Get yours here: https://www.eventbrite.ie/e/oiche-scoraiochta-baile-an-chinneidigh-tickets-1988707219829?aff=oddtdtcreator


Oíche Scoraíochta i mBaile an Chinnéidigh

Beimid ag bualdh le chéile an Aoine seo chugainn in Eaglais Naomh Maitiú i mBaile an Chinnéidigh chun cúpla amhrán a chanadh, cúpla dán le haithris nó scéal le hinsint, i nGaeilge nó Béarla, in Eaglais Naomh Maitiú i mBaile an Chinnéidigh ón 8pm. Beidh tae, caife agus brioscaí ar fáil freisin agus beidh an imeacht saor in aisce.



 

Pop up Gaeltacht


Bígí linn le haghaidh comhrá i nGaeilge agus deoch nó dhó!

Déardaoin 23ú Aibréan óna 8pm
The Mount Kennedy Inn, Newtownmountkennedy, A63 W884.


Báite


Ar mhaith libh dul ar thuras grúpa chun an scannán 'Báite' a fheiceáil? Beidh sé ar siúl sa Mermaid Arts Centre i mBré ar 8ú Meitheamh (Dé Luain) ag 8pm. Más ea, b’fhéidir go bhféadfaimis ár dticéid a chur in áirithe mar ghrúpa.

Má tá suim agat teigh i dteagmháil linn ag ciorcalcomhrantmk@gmail.com

*Leagan Béarla*

Would you like to go on a group trip to see the new Irish language film 'Báite'? It will be held at the Mermaid Arts Centre in Bray on 8th June (Monday) at 8pm. If so, perhaps we could book our tickets as a group.

If you are interested please get in touch at ciorcalcomhrantmk@gmail.com

Oíche Scoraíochta


Ceol, filíocht, scéalta.

Dé hAoine 10ú Aibreán, 8pm - 10pm i Séipéal Naomh Maitiú i mBaile an Chinnéidigh.

Bígí linn!

Seachtain na Gaeilge 2026 : Oíche Scoraíochta


Bhí oíche scoraíochta dhá theangach againn le ceol, scéalaíocht agus filíocht, agus gach duine ag glacadh páirt. Ócáid thar a bheith taitneamhach, agus tá sé i gceist a leithéid a eagrú go rialta amach anseo. 

We held a bilingual Oíche Scoraíochta featuring music, storytelling and poetry. Everyone participated. It was a very enjoyable event and we hope to hold one regularly in future. 

Seachtain na Gaeilge : Tábhacht na Bithéagsúlachta




Tá Éanna Ní Lamhna ar dhuine de na daoine poiblí is cáiliúla in Éirinn, go háirithe mar bhitheolaí, comhairleoir comhshaoil agus fiadhúlra, láithreoir raidió agus teilifíse, údar agus oideachasóir. Tá ceann de na guthanna is aitheanta ar raidió na hÉireann ag Éanna agus tá sí ina ball de phainéal saineolaithe ar chlár fiadhúlra RTÉ, Mooney Goes Wild, le blianta fada. 

Bhí sí ina hUachtarán ar an gcarthanas náisiúnta comhshaoil An Taisce agus ar Chomhairle Crann na hÉireann.

As Lú ó dhúchas í, ach tá cónaí uirthi i mBaile Átha Cliath anois. Is í Éanna údar roinnt leabhar fiadhúlra coitianta do léitheoirí óga  agus do léitheoirí nach bhfuil chomh hóg.

Thug sí caint iontach spreagúil agus léirithe go maith dúinn. I measc rud eile, chualamar faoi shionnach Sráid Grafton agus go bhfuil cosa damhán alla ar a cheann! 

Seachtain na Gaeilge 2026 : Feachtas na bhFógraí


Arís i mbliana chuir muid fógraí ar fáil do ghnólachtaí an bhaile, dátheangach leis an nGaeilge sa chló Ghaelach agus sa chló Rómhánach. 

Gabhaimid buíochas leis na gnólachtaí a ghlac leo agus a chroch iad. 

Again this year, for Seachtain na Gaeilge, we provided bilingual signs to local businesses. The Irish text was both in the Cló Ghaelach and in Antigua. 

We are grateful to the businesses who accepted and displayed them. 

Paráid na Féile Pádraig


Ghlac an Chraobh páirt arís i Paráid na Féile Pádraig i mbliana. Thaitin sé go mór linn! Míle buíochas le gach duine a tháinig amach. 

Craobh na Míosa

 Roghnaíodh muid mar Craobh na Míosa an mhí seo!

We were chosen as Conradh na Gaeilge's branch of the month! Here's the write up from Conradh and a massive congrats to Ruairí Ó Broin whose stories on our social media really stood out with Conradh. Maith thú Ruairí!

"Tá áthas an domhan orainn a fhógairt go bhfuil Craobh Bhaile an Chinnéidigh roghnaithe againn mar Chraobh na Míosa seo. Sheas an dream seo amach mar gheall ar a gcuid oibre leanúnach i gCo. Chill Mhantáin le blianta anuas. Bhíomar ar bís baill na craoibhe a fheiscint ag an Ard-Fheis i mbliana, a bhí an-spreagtha agus a chur go mór leis an bhfóram daonlathach.

Táimid an-tógtha le clár imeachtaí Sheachtain na Gaeilge a bhfuil á reáchtáil acu don choicís amach romhainn. I measc na himeachtaí beidh ceardlann ar Thábhacht na Bithéagsúlachta le hÉanna Ní Lamhna, oíche scoraíochta, agus Preab-Ghaeltacht á reáchtáil acu. Beidh comharthaíocht trí Ghaeilge ar fáil acu sna siopaí áitiúla i mBaile an Chinnéidigh fosta. Cuirtear Ciorcal Comhrá seachtainiúil agus ranganna Gaeilge ar fáil dá, rud a chruthaíonn leanúnachas agus deiseanna foghlama ar fáil dá mbaill.

Rud amháin a bhfuil á dhéanamh ag an ngrúpa seo nach bhfuil feicthe againn cheana, ná go bhfoilsítear blúiríní eolais agus scéalta ó bhall s’acu uair gach seachtain le foclóir agus frásaí deasa iontu. Is smaoineamh iontach-éagsúil agus tábhachtach é seo a chuireann go mór le cultúr bhéaloideas na nGael."