Seachtain na Gaeilge : Tábhacht na Bithéagsúlachta




Tá Éanna Ní Lamhna ar dhuine de na daoine poiblí is cáiliúla in Éirinn, go háirithe mar bhitheolaí, comhairleoir comhshaoil agus fiadhúlra, láithreoir raidió agus teilifíse, údar agus oideachasóir. Tá ceann de na guthanna is aitheanta ar raidió na hÉireann ag Éanna agus tá sí ina ball de phainéal saineolaithe ar chlár fiadhúlra RTÉ, Mooney Goes Wild, le blianta fada. 

Bhí sí ina hUachtarán ar an gcarthanas náisiúnta comhshaoil An Taisce agus ar Chomhairle Crann na hÉireann.

As Lú ó dhúchas í, ach tá cónaí uirthi i mBaile Átha Cliath anois. Is í Éanna údar roinnt leabhar fiadhúlra coitianta do léitheoirí óga  agus do léitheoirí nach bhfuil chomh hóg.

Thug sí caint iontach spreagúil agus léirithe go maith dúinn. I measc rud eile, chualamar faoi shionnach Sráid Grafton agus go bhfuil cosa damhán alla ar a cheann!