Craobh na Míosa

 Roghnaíodh muid mar Craobh na Míosa an mhí seo!

We were chosen as Conradh na Gaeilge's branch of the month! Here's the write up from Conradh and a massive congrats to Ruairí Ó Broin whose stories on our social media really stood out with Conradh. Maith thú Ruairí!

"Tá áthas an domhan orainn a fhógairt go bhfuil Craobh Bhaile an Chinnéidigh roghnaithe againn mar Chraobh na Míosa seo. Sheas an dream seo amach mar gheall ar a gcuid oibre leanúnach i gCo. Chill Mhantáin le blianta anuas. Bhíomar ar bís baill na craoibhe a fheiscint ag an Ard-Fheis i mbliana, a bhí an-spreagtha agus a chur go mór leis an bhfóram daonlathach.

Táimid an-tógtha le clár imeachtaí Sheachtain na Gaeilge a bhfuil á reáchtáil acu don choicís amach romhainn. I measc na himeachtaí beidh ceardlann ar Thábhacht na Bithéagsúlachta le hÉanna Ní Lamhna, oíche scoraíochta, agus Preab-Ghaeltacht á reáchtáil acu. Beidh comharthaíocht trí Ghaeilge ar fáil acu sna siopaí áitiúla i mBaile an Chinnéidigh fosta. Cuirtear Ciorcal Comhrá seachtainiúil agus ranganna Gaeilge ar fáil dá, rud a chruthaíonn leanúnachas agus deiseanna foghlama ar fáil dá mbaill.

Rud amháin a bhfuil á dhéanamh ag an ngrúpa seo nach bhfuil feicthe againn cheana, ná go bhfoilsítear blúiríní eolais agus scéalta ó bhall s’acu uair gach seachtain le foclóir agus frásaí deasa iontu. Is smaoineamh iontach-éagsúil agus tábhachtach é seo a chuireann go mór le cultúr bhéaloideas na nGael."